English
Réamhrá
Tá meas againn ar do phríobháideachas agus muid ag riaradh clár toghcháin Sheanad Éireann do chéimithe ó institiúidí ainmnithe. Baineann an Fógra Príobháideachta seo le hiarratais ar líne agus iarratais pháipéir. Tá an suíomh gréasáin SeanadVoter.ie á riar ag Ollscoil na hÉireann inár ról mar Lár-Údarás Clárúcháin, feidhm sannta orainn, faoi Acht Toghcháin an tSeanaid (Comhaltaí Ollscoile) (Leasú), 2024.

Déan Teagmháil Linn
VótálaíSeanad.ie- is féidir teagmháil a dhéanamh linn tríd ár mBosca Poist 13784, Baile Átha Cliath 2 nó trí R-phost a sheoladh chuig: applications@SeanadVoter.ie. . Déan teagmháil lenár nOifigeach Cosanta Sonraí (privacy@seanadvoter.ie) má tá aon cheist ann i dtaobh príobháideachais nó iarratas príobháideachais agat. Má chreideann tú nach bhfuil muid ag próiseáil do shonraí pearsanta de réir an dlí, tá an ceart agat dul i dteagmháil lenár gCoimisiún um Chosaint Sonraí ainmnithe www.dataprotection.ie.

Do Shonraí
Chun d’iarratas a phróiseáil, do chéannacht agus do cháilíocht a dheimhniú agus a chinntiú gur féidir leat clárú mar vótálaí nua do Sheanad Éireann, iarrtar ort na sonraí seo a leanas a thabhairt: -

Sonraí Feidhm Éigeantach/Roghnach
Ainm iomlán an iarratasóra Cúraí Deimhnithe & Teagmhála Éigeantach
Seanainm (tráth na céime) Cúrsaí Deimhnithe Roghnach
Seoladh Ríomhphoist Cúrsaí Deimhnithe Éigeantach
Dáta Breithe D’aois a Chinntiú & a Dheimhniú Éigeantach
Seoladh Baile leis an Eircód/Cód Poist san áireamh Cúrsaí Deimhnithe Éigeantach
Seoladh don Phaipéar Ballóide (má tá sé difriúil) Cúraí Deimhnithe & Teagmhála Éigeantach
Sean Seoladh (tráth na céime) Cúrsaí Deimhnithe Roghnach
Stádas Saoránachta le doiciméid deimhnithe san (pas bailí/deimhniú eadóirsithe) Saoránacht Éireanach a Dheimhniú Éigeantach
Cáilíocht Deimhniú & Dearbhú na Céime Éigeantach
Uimhir PSP Aitheantais a Dheimhniú Roghnach
Uimhir Mic Léinn Cúrsaí Deimhnithe Roghnach

Tá rannán saorfhoirme ann chun cabhrú le deimhniú cáilíochta (roghnach). Ná líon isteach aon eolas pearsanta nó rúnda sa chuid seo.

Slandáil Sonraí
Déanfar an t-eolas a sholáthraíonn tú a chriptiú agus a óstáil taobh istigh de thimpeallacht shlán néalbhunaithe (taobh istigh den AE). Nuair a bheidh taifead deimhnithe, stórálfar an t-eolas riachtanach le haghaidh chúrsaí toghcháin amach anseo. Coimeádfar aon doiciméad a chuirtear ar fáil don phroiséas deimhnithe, mar chóip de phas, don tréimhse iarratais, ansin scriosfar iad.

Cearta Príobháideachta
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn freisin ar privacy@seanadvoter.ie chun iarraidh orainn: -
  • Cén t-eolas a choinníonn muid fút agus cóip de do shonraí a roinnt leat
  • Aon teagmháil leat a scriosadh nó a stopadh
  • Cóip de do shonraí a aistriú chuig eagraíocht eile
  • Mholfaimis duit i gcónaí muid a chur ar an eolas má tá aon eolas atá againn fút mícheart nó as dáta.
Cuirfear admháil chugat agus tosófar ag obair ar d'iarratas gan mhoill. Más rud é nach féidir linn an tseirbhís seo a chomhlíonadh ag am ar bith, ar chúiseanna dlíthiúla nó conartha, déanfar teagmháil leat. Más mian leat do chuid sonraí a bhaint den chéad chlár foilsithe eile is féidir leat é sin a dhéanamh trí theagmháil a dhéanamh linn ar applications@SeanadVoter.ie. Coinneofar do shonraí agus cóip de d’iarratas ar an gcóras, ach ní bheidh d’ainm le feiceáil ar an gclár foilsithe.

Tríú Páirtí agus Comhroinnt Sonraí
Chun a chinntiú go bpróiseálann muid d’iarratas go héifeachtach agus go dleathach, rachaidh muid i dteagmháil leis an Institiúid Oideachais a bhaineann leatsa chun do cháilíocht a dheimhniú i dtaobh an eolais seo a leanas – Ainm, Seoladh, Dáta Breithe, Cáilíocht, Uimhir Mic Léinn agus UPSP –sa chás go bhfuil deimhniú ag teastáil. Déan tagairt le do thoil do Fhógra Príobháideachta na hInstitiúide ábhartha.

Fostóidh muid sainsholáthróirí seirbhíse chun riarú éifeachtach na ballóide poist a chinntiú. Beidh cuideachtaí comhlíonta poist agus An Post i gceist. D’fheadfadh staitisticí (leithéidí líón na n-iarratas) a bheith roinnte leis An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta nó An Coimisiún Toghcháin ar mhaithe le cúrsaí tuairscithe agus taighde. Ní roinnfear aon sonraí pearsanta.

I ngach cás mar rialaitheoir sonraí cuirfidh muid na comhaonaithe cuí i bhfeidhm agus oibreoidh muid le dícheall cuí i dtaca le comhthiomantas cosanta agus sládála sonraí. Má fhaigheann tú rochtain ar ár suíomh Gréasáin is féidir leat brúigh ar naisc chuig suímh ghréasáin eile nó naisc mheán sóisialta, féach le do thoil ar a bhFógraí Príobháideachta aonair.

Athruithe ar an Ráiteas seo
Rinneadh an ráiteas seo i dtosach seo i mí na Samhna 2024 agus leasú é in Aibreán 2025.

Féadfaidh muid an Ráiteas Príobháideachta seo a uasdátú ó am go chéile. Molfaidh muid duit athbhreithniú a dhéanamh go tréimhsiúil ar an bhfógra seo chun an t-eolas is déanaí a fháil ar ár gcleachtais phríobháideachais. Sonrófar san Fhógra Príobháideachta an dáta is déanaí ar a leasaíodh na téarmaí.

Tábla Rialú Leaganacha
Rialú Leaganacha Stádas Nóta Tráchta
Leagan 1.0 Deiridh Foilsithe ar seanadvoter.ie
Leagan 2.0 Deiridh Leasaithe roimh oscailt le haghaidh Clár 2026 - Aibreán 2025
  • Athruithe faoi chosaint sonraí maidir leis an tréimhse a choimeádtar doiciméid
  • Soiléiriú faoi roinnt sonraí
  • An ríomhphost a chur leis an tábla faoin rannán Do Shonraí.